Oíche Nollag atá ann agus tá Teidí ar bís! Téimis ina theannta go tír na samhlaíochta, isteach sa teachín arán sinséir, áit a mbeidh brioscaí ar crochadh ar na ballaí agus leabhair gur féidir a ithe, fiú. Beidh neart eachtraí ag Teidí, Tomás agus Tríona le Mamaí agus le Daidí. Ach beidh orthu a bheith ar ais ina dteach féin sula dtiocfaidh Daidí na Nollag!
Tá an leabhar scríofa ag Sadhbh Rosenstock agus maisithe ag Ciara Ní Dhuinn do pháistí aois 2-6 (léitheoireacht os ard) agus 7-9 (neamhspleách).
‘Scéal spleo-HÓ-HÓ-HÓ-drach!’ – Daidí na Nollag.
Is fada an bealach é go dtí an Camargue. Tá sin
chomh fada ó dheas agus atá sa Fhrainc. Ach tá
Cáitín sásta dul i gcontúirt chun a cara mór,
Feirdí, a thabhairt slán. Tá sí fiú sásta taisteal ...
go Práinneach!