Is breá le Fiachra beag an saol mór millteach atá thart timpeall air. Tá an staighre ann agus an gardín cúil, an crann mór ard agus go leor leor eile. Ba mhór an peaca gan cuairt a thabhairt orthu go léir. Ach cogar, a Fhiachra, caithfidh tú a bheith cúramach!
Tá an sorcas tagtha. Ar imeall an bhaile tá an puball mór á chur suas. Ach an féidir go bhfuil deireadh le draíocht an tsorcais mar a chreideann Cócó an Fear Grinn?
Scéal álainn daonna le Colmán Ó Raghallaigh maisithe go gleoite ag Olivia Golden.