Cnuasach gearrscéalta.
Scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce; tá sin go léir sna scéalta agus gach scéal tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ghrá atá i gcroílár gach carachtair. Scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag dul ar aghaidh ná mar a tchítear ar an chéad amharc.
Clár:
An doras cúng
Turais eadarbhuasacha
Bróga siúil
Cosmhuintir Beidh ríl againn
Athchuairt ar an oileán
El Camino
Thar an tairseach
Idir cleith agus ursain
An mhurúch bheag
Ag téarnamh chun baile
Tír Hiúdaí
Tabhair ar ais an oíche aréir
Ag smaointiú ar an am a bhí
Caillte
A Shiobhán dhílis
Scáile Dheirdre