Scríobhadh an leabhar seo chun freastal ar Rang 3, 4, 5 nó 6 ach is faoi fhoireann na scoile atá sé na leabhair is feiliúnaí a roghnú do gach rang. Beidh cúiseanna éagsúla le rogha na múinteoirí, e.g. caighdeán léitheoireachta na ndaltaí, ábhair spéise na ndaltaí, agus daltaí in ilranganna.
Leagan Gaeilge do Dog Man - A Tale of Two Kitties . 
October 2024
Beidh idir óg agus aosta sna trithí gáire agus iad ag léamh an tríú leabhar sa tsraith cháiliúil Dog Man. Tá a dhá oiread trioblóide i ndán do Dog Man agus clón déanta ag Páidí de féin - rud a chiallaíonn, ar ndóigh, go bhfuil dhá phuisín ann! 
Lean an laoch clúmhach Dog Man ar a chuid eachtraí agus é ag iarraidh an baile a choinneáil slán ó na bithiúnaigh seo. 
Teidil eile sa tsraith: Dog Man; Dog Man Scaoilte Amach.
Údar/Maisitheoir: Dav Pilkey
Leagan Gaeilge: Máirín Ní Mhárta, foilsithe ag Futa Fata. 
Dáta Foilsithe: Deireadh Fómhair 2024
Aoisghrúpa: 7+