Aistrithe go Gaeilge ag Leon Ó Broin.
 
"Ni chreidfeadh duine ar bith i mblianta deiridh an naoú céad déag go raibh suil ghéar ghrinn ar imeachtaí an domhain seo ag neacha ar mhó a n-intleacht ná intleacht an duine, ach da ainneoin sin, a bhí chomh básmhar linn féin... Ach, thar dhuibheagán an spáis, bhí ag breathnú anuas orainn go santach créatúir a raibh an oiread difríochta idir a meabhair agus ár meabhairne agus atá idir meabhair an duine agus meabhair an ainmhí, créatúir a raibh intleacht abhalmhór fhuar chrua acu, agus bhí siad ag beartú seifteanna go mall lenár mbascadh."
Foilsíodh Cogadh na Reann den chéad uair in 1898 agus meastar gurb é an chéad úrscéal riamh é faoi ionradh eachtrán ar an domhan agus tá sé ar cheann de na húrscéalta ficsean eolaíochta is tábhachtaí dár ceapadh. Athchóiríodh é don raidió, don téatar, agus don chineama, agus is iomaí sin saothar ficsin, de gach saghas, a raibh sé ina inspioráid acu. Mar aon le The Time Machine, The Island of Dr Moreau agus An Chéad-Chuairt ar an nGealaigh, áirítear Cogadh na Reann ar mhórshaothair ficsean eolaíochta H. G. Wells (1866-1946).
Foilsíodh in 1934 an t-aistriúchán seo Gaeilge a rinne Leon Ó Broin. Is éard atá san eagrán nua seo leagan caighdeánaithe den aistriúchán sin, arna chur in eagar ag Aibhistín Ó Duibh.