Lámh Láidir
Joe Steve Ó Neachtain
ISBN 9781902420790
Cló Iar-Chonnachta 2005, 2022
Tá an fhírinne mar fheoil ar chnámh droma an scéil seo, atá suite sna Beanna Beola, agus a dhéanann cur síos go neamhbhalbh ar lámh láidir an bhunoideachais agus na hEaglaise, ar an imirce, ar an drabhlás, agus ar an ngrá.
A novel set over a sixty-year period in the tranquil beauty of the Twelve Bens, which has among its themes the power of the church and emigration.
Is fada an lá é molta scéal chuile dhuine a bheith agatsa ach gan do scéal féin a bheith ag duine ar bith. Ach is mór an mhaith nár thug Joe Steve Ó Neachtain mórán airde ariamh ar an gcomhairle sin. Mar is é atá sa saothar seo uaidh meascán dá scéal féin agus taithí dhaoine eile, beagáinín beag bídeach de scéal an ghamhna bhuí agus oiread na fríde de phaidir an chapaill, an scéal fada giorraithe agus fad bainte as an scéal gearr. Sa gcnuasach seo cíortar ábhair mar an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, an rachmas ag srachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.
Clár:
Brollach
Aire na hUibhe
An Misnéar Mór
An Peaca Marfach
Tinpeall i gCiorcal
Tart
Aonráin
Don Bigastro
Ar Son na Cúise
Blas an Bheagáin
Seanspite
Súil Eile
Nuair is Mó an Deifir
Faoi Thalamh
Calm
Rún Daingean
Idir Dhá Cheann na Meá
Úr agus Críon na hAoise