Úrscéal le Caitlín Bheití Ní Chuireáin.
Cuireann an t-úrscéal seo síos ar eachtraí agus ar imeachtaí theaghlaigh i lár an chéid seo caite in Iarthar Thír Chonaill. Insíonn sé scéal Bhríd agus a clann thar thréimhse corraitheach dá saol. Bíonn saol aoibhinn ag Bríd ag tús ach tarlaíonn eachtra dhorcha a chuireann cor ina cinniúint agus bíonn an tubaiste sin ina rún diamhair nach féidir léi a scaoileadh. Tarraingíonn an eachtra drochádh ar an teaghlach agus déanann siad a ndícheall éirigh as an drochádh le cuidiú a gcomharsa. Tá an t-úrscéal i gcanúint Thír Chonaill. Tá an leabhar fóirsteanach do dhaoine fásta agus do fhoghlaimeoirí fásta.
Sa chnuasach gearrscéalta seo, amharcann an t-údar ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag an iolar fíréan agus é ag iarraidh a theacht i dtír ar shléibhte Thír Chonaill, an ghráinneog fhéir agus é ag treabhadh leis ó thús earraigh go deireadh fómhair, an teifeach mná ar thóir na saoirseachta, agus an mháthair úr iarbhreithe agus í ar thóir an tsonais.
Tá an leabhar seo scríofa go réidh rithimeach agus tá blas na scéalaíochta le sonrú ó thús go deireadh. Leabhar é seo don tsúil agus don chluas.
Clár:
Comhdháil Coille
Faoi Scáth Gealaí
Na Clocha
Gaol
An Áit a nÓlann an tUan an Bainne
An Bhatráil
An Carria
An Neach is Lú is Fiúntaí
Le Muir
An tIolar Fíréan
Asal is ea Asal is Cuma cá hÁit a Bhíonn
Soc le Talamh