144 pp; paperback; 9781909907294
Is éard atá foilsithe sa leabhar seo ná leagan anótáilte de thrí scríbhinn de chuid Mháirtín Uí Chadhain atá caomhnaithe i gcartlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, maraon le réamhaiste chuimsitheach a chuireann na téacsanna sin i gcomhthéacs scríbhinní critice agus litríochta eile dá chuid. Is é coincheap na cumadóireachta an snáth ceangail idir na téacsanna seo, a breacadh ag tréimhsí éagsúla i saol cruthaitheach Uí Chadhain.
Coincheap na Cumadóireachta i gComhthéacs na hEalaíne Nua-Aoisí
Pléitear gnéithe den chumadóireacht sa traidisiún béil sa chéad téacs, mínítear tábhacht na cathrach don scríbhneoir sa dara ceann, agus téann an tríú téacs i ngleic le coincheap na cumadóireachta i gcomhthéacs na healaíne nua-aoisí agus athruithe soch-chultúrtha na 1960idí. Áitíonn na heagarthóirí gur ghné luachmhar d’oidhreacht liteartha Uí Chadhain a chuid scríbhinní critice. Agus iad á gcur i gcomhthéacs mór-ráiteas critice eile dá chuid, ar nós ‘Béaloideas’ (1950) agus ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’ (1969), léiríonn na scríb