Ambitious businesswoman Mae Yu runs Golden Oaks - a luxury retreat transforming the fertility industry. There, women get the very best of everything: organic meals, fitness trainers, daily massages and big money. Provided they dedicate themselves to producing the perfect baby. For someone else.
Jane is a young immigrant in search of a better future. Stuck living in a cramped dorm with her baby daughter and her shrewd aunt Ate, she sees an unmissable chance to change her life. But at what cost?
'About everything a book should be about: race and class, power and inequality - and it's dark and funny' Joanna Cannon.
'A firecracker of a novel' Madeline Miller.
ISBN 9781526605238
Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam Bhuaic-Shaothar Próis na Bliana ar Na Cócha Móra. Bhí an méid seo le rá ag na moltóirí:
'Thaitin an t-úrscéal thar barr liom agus ba dheacair liom é a chur díom go dtí go raibh sé críochnaithe agam. Teanga líofa shaoráideach agus saibhreas neamhghnách foclóra in úsáid ag an údar. Scéal coscrach Bharra Mhic Aodhagáin a nochtar dúinn, gasúr a chaith seal i scoil tionsclaíochta agus a d'fhulaing gach ainide níos measa ná a chéile ó roinnt de na bráithre a bhí ag reáchtáil na scoile. Má tá an bhéim ar an mbrúidiúlacht sa chéad leath den leabhar, leanann an léitheoir bóthar anróiteach Bharra i dtreo an chneasaithe agus an téarnaimh. Ach d'ainneoin na n-aingeal coimhdeachta a chasann air i mbun a oilithreachta chun lámh chúnta a thabhairt dó, ní féidir leis éalú ó thromluí na mblianta a chaith sé i ngéibheann. Fiú agus é ina fhear gnó rachmasach agus caoifeach mánla pósta aige, ní féidir na taibhsí a dhíbirt, agus filleann siad air nuair is lú a bhfuil coinne aige leo chun é a chéasadh as an nua!
'Bhí babhtaí ann nuair a chuaigh an scéal seo go smior ionam. Tá fileatacht ar leith ag baint le críoch an scéil agus is álainn mar a thugtar meon an linbh le fios san oscailt. Idir tús agus deireadh tá deis againn taisteal in éineacht le Barra ar a aistear uaigneach cráite. Tá scéal na scoileanna tionsclaíochta tráthúil agus, go pointe, seanphléite, ach tá mianach sa scéal seo creathadh a bhaint asainn toisc a ghrámhaire agus a thuisceanaí agus a léirítear meon an phríomhcharachtair. Faighimid léargas freisin ar thionchar fadtréimhseach na scoileanna.