Fear i ndeireadh a shaoil ar mire in éadan an bháis. A bheatha ag sciorradh uaidh. Gaiscíoch de bhunadh cathrach é Labhrás, fear físe, cultúir, athbheochana.
Trí mheán taibhse ó na meánaoiseanna, Darach, a ríomhtar an scéal, lobhar nó laoch, ag éalú ón bPlá Dhubh. Compánaigh slí is ea anois iad ar aistear inmheánach na gcuimhní. Scáileanna, idéil, físeanna agus ionrascáil sa teach banaltrais i gCnoc na Lobhar.
Is leabhar fuinniúil, gaisciúil é seo a mbainfidh cuid mhór daoine sult as. Meafar é an teideal do shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir. Ach cá bhfuil an chumadóireacht agus cá bhfuil an fhírinne?
Sampla cumasach den úrscéal campais, a thugann fogha fés na boic mhóra atá i gceannas ar na hinstitiúidí acadúla fé láthair, fén struchtúr comhachta atá i bhfeidhm agus fén gcleachtas áiféiseach atá á bhrú ar an aos léinn.
Leabhar an-taitneamhach, scríofa ag an té a thuig córas áirithe agus ar féidir leis bunús an chórais áirithe sin a mhíniú i mbealach greannmhar agus mealltach.