Tá cáil ar fud na cruinne ar ‘A Squash and a Squeeze’, an chéad leabhar a rinne Julia Donaldson agus Axel Scheffler i bpáirt le chéile. Tá bród ar Futa Fata an leagan úrnua seo a chur i láthair, é cóirithe i véarsaíocht Ghaeilge ag Tadhg Mac Dhonnagáin.
Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad.